EnglishDivideIrish

NuachtCartlann


Divide
Page Resources

 

Comhdháil Cúram Leanaí 2010

Beidh an tOllamh Pat Broadhead mar aoíchainteoir speisialta ag an gcomhdháil i mbliana.  Tá cáil ar ar an Ollamh Broadhead mar gheall ar an gcoincheap 'the whatever you want it to be place' a chuireann béim ar saor spraoi a chuireann ar chumas pháistí a dtimpeallacht féin a chruthú.  Taispeánann taighde go bhfuil an cineál seo spraoi tábhachtach do bhforbairt an pháiste agus go mbíonn tionchar dearfach ar scileanna litearthachta agus uimhearthachta mar aon le scileanna sóisialta de bharr an cineál spraoi seo.

Breis eolais faoin gcoincheap seo, teigh chuig Google leabhar Play and Learning in the Early Years le Pat Broadhead ag an nasc thíos – Lth 44-49:

http://books.google.ie/books?id=p5n

Is í Pat Broadhead údar an leabhair Early Years Play and Learning: Developing Social Skills and Cooperation. Breis eolais maidir le Pat ach cliceáil ar an nasc seo a leanas:

http://www.cendi.org/encuentro2009/pdf/broadhead-en.pdf

Beidh fáilte mhór freisin roimh Anne O'Connor, Síceolaí Páistí agus Bunaitheoir Rollercoaster.ie
Déanfaidh Anne cur síos ar bhealaigh chun cinntiú go bhfuil cumarsáid éifeachtach ar bun idir tuismitheoirí agus soláthróirí cúram leanaí chun leas an pháiste a chur chun cinn.

Déan teagmháil le Rosario ag an gCoiste Cúram Leanaí  - uimhir ghutháin 091 752039 nó seol ríomhphost chuig rosario@galwaychildcare.com le bróisúir agus foirm áirthinte a fháil. Is féidir an bróisiúr agus foirm áirithinte a íoslódáil ó www.galwaychildcare.com


Footer Logos