Feighlithe Leanaí
Cad é/í Feighlí Leanaí?
Tugann feighlithe leanaí aire do leanaí i dteach an fheighlí leanaí féin. Cuireann siad an tseirbhís seo ar fáil i rith na bliana ar fad don lá oibre iomlán nó ar feadh tréimhsí éagsúla i rith an lae. Socraíonn tuismitheoirí agus feighlithe leanaí a dtéarmaí féin. (Is feighlithe leanaí a mbíonn níos mó ná triúr leanaí faoina gcúram agus iad sin amháin atá clúdaithe ag forálacha chuid VII den Acht Cúram Leanaí 1991).
DEONTAS FORBARTHA DO FHEIGHLITHE LEANAÍ (An Clár Náisiúnta Infheistíochta sa Chúram Leanaí) 2013
Le gairid, d’fhógair an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige go mbeidh €250,000 ar fáil do dheontais forbartha d’fheighlithe leanaí ar fud na tíre.
Ba Dé hAoine, 12 Aibreán, 2013 an dáta deireanach le hiarratas a dhéanamh ar an deontas seo. Má rinne tú iarratas, ní mór socruithe a dhéanamh go dtabharfaidh an t-Oifigeach Comhairleach cuairt ar do sheirbhís mar choinníoll den deontas.
SEACHTAIN NA BHFEIGHLITHE LEANAÍ 2013
Bhí Seachtain na bhFeighlithe Leanaí ar bun i mbliana ón 13ú Aibreán. Bhí cruinnú líonra ar bun ar 18 Aibreán in Óstán an Clayton i gCathair na Gaillimhe chun an tseachtain speisialta seo a cheiliúradh. Rithfeadh ceardlann ag an gcruinniú seo maidir le garraíodóireacht orgánach le Fergus Whitney.
Anuraidh ghlac líon mór feighlithe leanaí agus tuismitheoirí páirt sna himeachtaí agus tá muid fíorbhuíoch gur tháinig sibh amach arís i mbliana!
Cúrsaí Oiliúna d’Fheighlithe Leanaí
Má tá suim agat cúrsa a dhéanamh, téigh i dteagmháil le Colette ag 091 752039 nó colette@galwaychildcare.com
Anuraidh, d’fhreastal níos mó ná 250 feighlí linbh as Gaillimh ar oiliúint a chuir Coiste Cúram Leanaí Chontae & Chathair na Gaillimhe ar fáil. Cabhraíonn seo seirbhís sábháilte agus proifisiúnta a sholáthar.
Ná déan dearmad go bhfuil ar gach Feighlí Linbh a fuair deontas freastal ar chúrsa QAP agus cúrsa maidir le cosaint leanaí “Ag Coinneáil Leanaí Slán”. Bíonn eolas maidir le cúrsaí garchabhrach á scaipeadh chomh maith mar aon le heolas faoi raon leathan oiliúna i rith na bliana.
Cnuasaigh, Líonraí agus Grúpaí Spraoi
Tá cnuasaigh nó grúpaí d’fheighlithe leanaí ag teacht le chéile ar fud an chontae. Is é an aidhm atá leis an togra seo ná go mbeadh deis ag feighlithe leanaí agus na páistí atá faoi na gcúram bualadh le chéile le seisiúin spraoi a bheith ag na páistí agus deis a bheith ag na Feighlithe Leanaí eolas agus acmhainní a roinnt lena chéile. Tá an Coiste Cúram Leanaí sásta tacaíocht a thabhairt do na cnuasaigh seo tríd ionad a fháil ar cíos ar feadh uair nó dhó nó trealamh spraoi a chur ar fáil, mar shampla. Faoi láthair tá cnuasaigh ar bun i mBaile Chláir na Gaillimhe, Tuaim, Gort Inse Guaire agus i gCathair na Gaillimhe. Téigh i dteagmháil le Coiste Cúram Leanaí Chontae & Chathair na Gaillimhe (091 752039 nó colette@galwaychildcare.com) má tá aon cheist faoi na cnuasaigh seo.
Cruinnithe Líonra d’Fheighlithe Leanaí
Is í an aidhm atá leis na cruinnithe líonra ná eolas a roinnt maidir le cúltaca a thabhairt do sholáthar feighlíocht leanaí ar chaighdeán den scoth. Bíonn deis ag Feighlithe Leanaí a dtuairimí a roinnt ar a chéile ag na cruinnithe seo agus freisin tugann sé deis den Choiste Cúram Leanaí riachtanais maidir le hoiliúint a aithint. Ag teacht uaidh seo, cuirtear ceardlanna oiliúna ar fáil ag na cruinnithe (m.sh. Eolas maidir le bainistíocht; Ealaíon & Ceardaíocht; Sábháilteacht Tine).
Má tá suim agat ábhar a chur ar aghaidh le bheith ar chlár an chéad chruinniú eile, déan teagmháil le Colette ag 091 752039 nó colette@galwaychildcare.com
Prótacal maidir le Leanaí le Riachtanais Bhreise
Tá prótacal maidir le páistí a bhfuil riachtanais bhreise acu le fáil anseo. Is minic a smaoiníonn Feighlithe Leanaí ar pháistí le riachtanais bhreise a bheith acu sa tseirbhís ach ní bhíonn an t-eolas cui acu. Níl ort ach glaoch a chur ar Choiste Cúram Leanaí Chontae & Chathair na Gaillimhe ag 091 752039 nó mail@galwaychildcare.com má tá aon cheist agat maidir le aire páistí le riachtanais breise i do sheirbhís feighlíocht leanaí. .
Acmhainní Eolais maidir le Feighlithe Leanaí
Tá leathanach eolais a chuireann chun cinn caighdeán maidir le Feighlíocht Leanaí ar fáil ach cliceáil anseo.
Tá Póstaer maidir le feighlíocht leanaí 'Gairm ar Ardcháilíocht i gCroílár an Teaghlaigh' le feiceáil ach cliceáil anseo.
Malartú trealaimh
Déantar malartú ar threalamh dara láimhe ag cruinnithe líonra na bhFeighlithe Leanaí. Má tá bréagáin nó trealamh nach dteastaíonn níos mó is féidir dul i dteagmháil le Colette Coughlan, Oifigeach Comhairleach um Fheighlithe Leanaí ag 091 752039 nó colette@galwaychildcare.com agus cuirfear an trealamh ar liosta ar an leathanach seo. Má tá suim agat in aon phíosa trealaimh nó bréagán atá ar an liosta, beidh Colette in ann tú a chur i dteagmháil leis an duine ar leo an trealamh/bréagán.
Téigh i dteagmháil leis an Oifigeach Comhairleach um Fheighlithe Leanaí.
Tá Colette Coughlan, an tOifigeach Comhairleach um Fheighlithe Leanaí, ar fáil gach lá idir 9.00 r.n. – 1.00 i.n. Tá súil súil aici cuairt a thabhairt ar gach Feighlí Linbh a bhfuil fógra tugtha acu d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go luath. Tá tacaíocht ar fáil ón Oifigeach Comhairleach um Fheighlithe Leanaí maidir le gach gné den fheighlíocht linbh. Má tá aon cheist nó más mian leat go dtiocfadh Colette ar cuairt chugat, cuir glaoch ar 091 752039 nó seol ríomhphost chuig colette@galwaychildcare.com
Oifigeach Comhairleach na bhFeighlithe Leanaí
Is é ról an chomhairleora tacú le feighlithe leanaí a thugann aire do thriúr leanaí réamhscoile nó níos lú. Spreagtar feighlithe leanaí chun Coiste Cúram Leanaí Chontae & Chathair na Gaillimhe a chur ar an eolas mar gheall ar a seirbhís. Chomh luath agus atá sé seo déanta, is féidir le feighlithe leanaí leas a bhaint as roinnt tacaíochtaí atá ar fáil, mar shampla:
- Cabhair chun do sheirbhís fheighlitheoireacht leanaí a bhunú
- Tacaíocht leanúnach do sheirbhísí atá bunaithe cheana féin
- Treoir maidir le taifid a choinneáil
- Cabhair chun rochtain ar threalamh
- Rochtain ar mhaoiniú
- Oiliúint áitiúil
- Gréasán áitiúil feighlithe leanaí
- An Cód Cleachtais
Chun breis eolais a fháil maidir le Feighlíocht Linbh, déan teagmháil le Colette Coughlan, Oifigeach Comhairleach na bhFeighlithe Leanaí ag 091 752039 nó colette@galwaychildcare.com
Nuacht






