Fáilte chuig Coiste Cúram Leanaí Chontae & Chathair na Gaillimhe
Is í príomhaidhm Choiste Cúram Leanaí Chathair agus Chontae na Gaillimhe feidhmiú an Bheartais Náisiúnta um Chúram Leanaí a chomhordú ar leibhéal áitiúil thar ceann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.
PRÍOMH-SPRIOCANNA
- Cabhrú le seirbhísí cúraim leanaí ar ardchaighdeán a fhorbairt agus iad sin a chomhordú.
- Scéimeanna an DCYA a chur i bhfeidhm go háitiúil.
- Iarratais ar dheontais a riaradh agus maoirseacht a dhéanamh orthu.
- Soláthar Oiliúint Chreidiúnaithe agus Oiliúint Inseirbhíse do sholáthróirí/fhoirne a chomhordú.
- Faisnéis agus acmhainní a sholáthar do sholáthróirí cúraim leanaí, do thuismitheoirí agus don phobal i gcoitinne.
- Iniatacht leanaí a bhfuil míchumas orthu agus leanaí ó mhionlaigh eitneacha lena n-áirítear leanaí ó Phobal an Lucht Siúil a chur chun cinn sna seirbhísí cúraim leanaí.
- Rannpháirtíocht a ghlacadh i dtionscnaimh idirghníomhaireachta tacaíochta do theaghlaigh a chuireann iniatacht shóisialta chun cinn a fhorbairt agus a sheachadadh
- Tionscnaimh Speisialta a dhéanann Coiste Cúram Leanaí Chathair agus Chontae na Gaillimhe bainistíocht orthu.








